Dáil debates
Thursday, 21 February 2019
Ceisteanna Eile - Other Questions
Aerfoirt Réigiúnacha
11:50 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tuigim é sin agus cuirim fáilte roimh an bpróiseas sin ach is dócha go n-aontaíonn an tAire Stáit liom nach féidir dul ar aghaidh mar a bhfuil cúrsaí faoi láthair agus le cúpla bliana anuas. Caithfimid cinnteacht a bheith againn agus caithfimid an t-aerfort a cheannach chomh sciobtha agus is féidir agus ansin caithfimid conradh a chur i gcrích ionas go mbeidh cinnteacht ann. Níl a fhios agam an bhfuil tuiscint mhaith ag an Roinn ar seo. Cloisim é sin agus de réir mar a thuigim, tá an Roinn ag caint faoi helicopter arís. B'fhéidir gur ráfla atá i gceist agus b'fhéidir go bhfuil mé mícheart ach iarraim ar an Aire Stáit a rá liom nach bhfuil an Roinn ag caint faoi sheirbhís helicopter a chur ar fáil agus go bhfuil an Roinn dáiríre faoi chumarsáid chiallmhar a bheith aici le muintir Árann chun seirbhís a chur ar fáil do mhuintir oileáin Árann?
No comments