Dáil debates

Thursday, 21 February 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Aerfoirt Réigiúnacha

11:50 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Táimid ag déanamh chuile iarracht go gcríochnóimid an próiseas roimh dheireadh Mí Márta. Sin an méid a bhí leagtha amach roimh an Nollaig. Léiríonn na céimeanna atá tógtha ag an Roinn go dtí seo go bhfuil tuiscint mhaith againn ar thábhacht na seirbhísí ar na hoileáin Árann agus tá sé sin luaite ag an Teachta freisin. Tá an comhaontú sínithe idir na húinéirí agus mo Roinn a leagann amach slí maidir leis an bpoitéinseal an suíomh a cheannach. Caithfear praghas a aontú agus caithfear riachtanas an cód caitheachais poiblí a shásamh tríd an bpróiseas. Tá luach faighte ag an Roinn ó Aer Arann agus tá luach faighte ag Aer Arann ón Roinn ar an suíomh. Tá suirbhéireacht déanta ag innealltóirí an Roinn ar an suíomh agus anois caithfimid dul i gcaidreamh maidir leis an bpraghas agus teacht ar phraghas atá sásúil don dhá thaobh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.