Dáil debates
Thursday, 21 February 2019
Ceisteanna Eile - Other Questions
Aerfoirt Réigiúnacha
11:50 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit ar an eolas cé chomh tábhachtach agus atá an aerseirbhís agus i ndáiríre, ba scéal dearfach é go rinne an Roinn an cinneadh an t-aerfort a cheannach agus is dul chun cinn suntasach é sin. Áfach, níl aon cinnteacht fós agus ba mhaith liom a fháil amach an tréimhse ama atá i gceist. Mar is eol don Aire Stáit, tá muintir oileáin Árann ag streachailt le fada an lá chun cinnteacht a bheith acu ó thaobh na seirbhísí de. Cuireann an easpa cinnteachta isteach go mór orthu mar bíonn orthu streachailt seachtain i ndiaidh seachtaine chun cinnteacht a fháil. An bhfuil tréimhse ama i gceist leis an bpróiseas seo chun an t-aerfort a cheannach?
No comments