Dáil debates

Thursday, 21 February 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Aerfoirt Réigiúnacha

11:40 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Rinne Galway Aviation Services Limited, GASL, cinneadh i Mí Meitheamh na bliana seo caite, péire de na conarthaí a bhí ag an gcomhlacht leis an Roinn maidir le seirbhísí aeir Oileáin Árann a thabhairt ar ais. Mar thoradh air seo, b'éigean do mo Roinn socruithe a dhéanamh chun go leanfaí ag cur seirbhís ar fáil do na hoileáin. Tar éis tairiscintí phoiblí a lorg, aontaíodh conradh eatramhach le GASL maidir leis an tseirbhís aeir, a sheasfaidh go dtí 30 Meán Fómhair 2019.

Comhthreomhar leis sin, tá comhaontú sínithe idir mo Roinn agus GASL faoina dtabharfar faoi phróiseas chun an poitéinseal go gceannódh an Stát Aerfort Chonamara a scrúdú. Chuige sin, tá luachálaithe fostaithe ag an dá pháirtí agus tá suirbhé innealtóireachta déanta ag mo Roinn ar an suíomh. Leanfaidh an teagmháil idir an dá pháirtí chun gach iarracht a dhéanamh teacht ar shocrú maidir le ceannach an aerfoirt, ar théarmaí a bheidh sásúil don dá thaobh.

Anuas ar an méad thuas, bíonn cruinnithe rialta á dtionól ag mo Roinn le hionadaithe na n-oileáin agus tá tús curtha le próiseas comhairliúcháin phoiblí ar mhaithe le mianta phobail na n-oileáin maidir le dearadh na seirbhíse don chéad conradh public service obligation, PSO, eile a bhailiú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.