Dáil debates

Thursday, 21 February 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Aerfoirt Réigiúnacha

11:50 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

An rud is tábhachtaí ná go bhfuil seirbhís ar fáil do mhuintir Árann ó Aerfort na Mine agus go bhfuil siad sásta leis an tseirbhís a bheas á chur ar fáil. Tá a fhios agam go bhfuil tuairimí á lorg ag an Roinn ar an tseirbhís faoi láthair agus tá a fhios agam go bhfuil ceist an helicopter ann fós ach tá tuairimí á lorg i scríbhinn ó na comharchumainn maidir leis an tseirbhís. Táimid dáiríre gurb é ceannach an t-aerfort an rud gur ceart a dhéanamh don Roinn, do mhuintir na hoileáin agus don Stát ach caithfimid teacht ar phraghas atá an dhá thaobh sásta leis agus sin mar a táimid ag dul ar aghaidh. Mar a dúirt mé, tá mé dóchasach go mbeimid in ann an próiseas sin a chríochnú roimh an dáta a bhí leagtha amach roimh an Nollaig, sé sin deireadh Mí Márta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.