Dáil debates

Wednesday, 9 May 2018

Other Questions

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

5:45 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar chuala an tAire Stáit ariamh an leagan Bodhaire Uí Laoghaire? Séard atá i gceist le Bodhaire Uí Laoghaire ná nuair nach dteastaíonn ó dhuine rud a chloisteáil. An bhfuil an tAire Stáit ag rá liomsa, nár chuala sé aon ghearán ó na hoileánaigh ó a chuir sé an conradh nua i bhfeidhm maidir leis an tarraingt siar iomlán atá i gceist ó thaobh líon na seirbhísí atá ar fáil go dtí na hOileáin Árainn?

An bhfuil an tAire ag rá liom nár chuala sé aon ghearán ó na hoileánaigh ó chuir sé an conradh nua i bhfeidhm maidir leis an tarraingt siar iomlán atá i gceist ó thaobh líon na seirbhísí atá ar fáil go dtí na hOileáin Árann? An bhfuil an tAire ag rá liom anseo inniu go bhfuil sé sásta casadh liomsa agus leis an Teachta Kyne agus leis na Teachtaí eile sa Dáilcheantar agus leis na hoileánaigh chun an cheist seo a phlé go luath? An bhfuil an tAire ag rá go bhfuil? Tacaím go mór roimhe sin, mar cheap mé féin ón méid a bhí ráite ag an Aire go mbeadh ionadh an tsaoil air faoi céard a déarfadh siad leis. Fáiltím roimh an ngeallúint sin. An smaoineodh an tAire ar sheirbhís bhliantúil a chur ar fáil d'Oileán Thoraí? An bhfuil freagra ag an Aire chun críochnú ar an ábhar seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.