Dáil debates

Wednesday, 9 May 2018

Other Questions

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

5:45 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Níl mé ábalta labhairt faoin gcomparáid mar ba é an chéad am a chonaic mé an seirbhís agus an ardchaighdeán ná nuair a tháinig mise isteach i 2014 mar Aire Stáit ar son na Gaeltachta. Roimhe sin agus go dtí seo, bhí mé agus tá mise i gcónaí i mbun labhartha le na daoine lonnaithe ar an oileán, mar shampla, na comharcumann agus daoine atá freagrach agus i gceannaireacht ar na hoileáin fosta. Tá siad i gcónaí ag labhairt fadúda tábhacht an seirbhís aer. Tuigim an tábhacht agus bhí conspóid mhór cúpla bliain ó shin maidir leis an scéal sin, ach anois tá mé ag amharc agus ag obair agus tá tábhacht na seirbhíse le feiceáil. Táim i gcónaí ag labhairt le mo comhghleacaí, an Aire Stáit, an Teachta Kyne, fosta agus leis an Teachta Ó Cuív féin. Tá seisean freagrach as an gceantar Dála fosta. Má bhfuil imní air nó ar aon duine maidir leis an seirbhís, beidh mé sásta suí síos le chéile leo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.