Dáil debates

Wednesday, 9 May 2018

Other Questions

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

5:55 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Ar an dara hábhar maidir leis an gcruinniú a eagrú bheinn sásta é sin a dhéanamh, agus chomh maith leis sin, táim i gcónaí ag labhairt leis na daoine atá lonnaithe ar na hoileáin agus níl sé ceart go mbeadh imní ar na daoine agus dá mbeadh imní ar na daoine, bheinn sásta é sin a dhéanamh. An méid a bhí á rá agam inniu, cinnte gur chuala mé achan am nuair a bhí mé sa phost seo go mbeadh deacrachtaí agus rudaí mar sin. Dá mbeadh na deacrachtaí le feiceáil agus dá mbeadh sonraí breise ar fáil uait bheinn sásta é sin a dhéanamh.

Maidir leis an ábhar thuas ar Oileáin Thoraí, bhí cruinniú ar an oileán coicís ó shin, agus mar atá a fhios ag an Teachta, bhí an tUasal Pól Ó Gallchóir ag an gcruinniú agus bhí príomhphointí ar fáil le feiceáil go soiléir maidir leis na rudaí a bhí muintir Thoraí ag iarraidh amach anseo. Rud amháin a bhí siadsan ag iarraidh ná trí mhí bhreise. Dá mbeadh airgead agus acmhainní ar fáil fa dtaobh na rudaí breise a chur i bhfeidhm bheinn sásta é sin a dhéanamh. Thug an tUasal Pól Ó Gallchóir agus an Roinn gealltanas maidir na príomhspriocanna atá ag muintir Thoraí agus ag oifigigh mo Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.