Dáil debates

Tuesday, 6 March 2018

An Ghaeilge: Ráitis - Irish Language: Statements

 

6:25 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Caithfimid ar dtús gearán a dhéanamh mar gheall ar an am ina bhfuil na ráitis seo ag dul ar siúl. Tá siad ar siúl ag díreach an t-am céanna le cruinniú den Chomhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus na n-Oileán. Ba cheart go mbeinn féin agus go mbeadh an Teachta Ó Cuív ag freastal ar an gcruinniú sin ach ní féidir linn.

Fáiltím roimh Bhliain an Ghaeilge mar creidim go mór i luach agus i dtábhacht ár dteanga náisiúnta. Is mór an trua é nár thug an Rialtas maoiniú sa bhreis leis an bhliain speisialta seo a chomóradh. Tháinig an maoiniú ó bhuiséad Fhoras na Gaeilge agus bhí air airgead a bhaint ó thionscail eile chun é a chaitheamh ar an bhliain seo. Léiríonn sé seo an cur chuige atá ag an Rialtas ó thaobh na Gaeilge de - béalghrá agus cur i gcéill. Bíonn an Rialtas ag maíomh go bhfuil an-chuid á déanamh aige agus ag an am céanna tá sé ag gearradh siar ar sheirbhísí do mhuintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge. Cur i gcás an bád farantóireachta a bhfuair muintir Thoraí. Cuireann sé an t-amhráin i gcuimhne dom. Tá báidín an Teachta McHugh diúltaithe ar Thóraí. Nuair a smaoinítear ar an gcuma atá ar an tseanbhád sin agus go bhfuil an tAire Stáit agus an Rialtas ag iarraidh go mbeidh sé ag freastal ar phobal beo Gaeltachta, is siombail eile oiriúnach é don tslí ina mbíonn an Rialtas ag déileáil le riachtanais mhuintir na Gaeltachta.

Is maith an rud é go bhfuil deis againn an Ghaeilge a mholadh agus na tréaniarrachtaí atá á ndéanamh ag an-chuid daoine a mholadh freisin.  Ach ní dóigh liom féin go dtuigeann baill den Rialtas an phráinn atá i gceist mar gheall ar an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Caithfidh mé seo a rá arís agus arís eile; níl tuiscint ag an Rialtas ar chor ar bith mar gheall ar cad ba cheart dó a dhéanamh mar gheall ar an Ghaeilge. Níl an tsuim ag an Rialtas ar chor ar bith mar gheall ar cad ba cheart dó a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Mura bhfuil muid ionraic faoin fhadhb ní bheimis in ann dul i ngleic lei. Tá contúirt ann go gcaithfimis ár gcuid ama ag marú na Gaeilge le platitudes agus le neamhaird istigh anseo.

De réir an daonáirimh, tá titim 11% ar líon na gcainteoirí laethúla sna ceantair Gaeltachta. Níl ach 502 pháiste idir trí bliana agus ceithre bliana d'aois sa Ghaeltacht a labhraíonn Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais sa lá atá inniu ann. Tá todhchaí na Gaeltachta ag brath ar an mhéid caol sin. Tá sé dochreidte. Tá tromlach na réamhscoileanna sna ceantair Gaeltachta ag feidhmiú trí Bhéarla agus déanfaidh sé seo an-chuid dochair do chur i bhfeidhm an pholasaí don oideachas Gaeltachta.

Bhí titim 70% ar mhaoiniú caipitil d'Údarás na Gaeltachta ó 2007 agus bhí dada nua sa bhuiséad is déanaí.  Bhí ardú 66% ar mhaoiniú caipitil an IDA agus ardú 42% ar mhaoiniú caipitil Fhiontar Éireann sa tréimhse chéanna. Taispeánann sé sin an dá shlí ina ndéileáileann an Rialtas leis an Ghaeltacht agus an Ghalltacht. Mar a luaigh an Teachta Ó Cuív an tseachtain seo caite, tá maoiniú caipitil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht tite ó €71 milliún in 2008 go dtí €10 milliún i mbliana. Ba é an Teachta Ó Cuív an tAire ar a raibh freagracht as an Ghaeltacht ag tús na ciorruithe déine sin.

Cad is féidir a dhéanamh chun an Ghaeltacht a threisiú agus an Ghaeilge a chur chun cinn? Is gá cur chuige tríchosach a thógáil. Is iad an Ghaeltacht, an córas Gaeloideachais ina iomlán, agus an Státchóras na trí rud is tábhachtaí. Faoi láthair táimid ag feidhmiú gan stiúradh gan treoir agus ag fanacht go deireadh an tsaoil ar an phlean gníomhíochta don straitéis 20 bliain; plean ina mbeidh spriocanna sonracha agus amscálaí. Is gá scéim aitheantais do naíonraí sa Ghaeltacht a thabhairt isteach. Faoi láthair níl ach 44% de naíonraí sna ceantair Gaeltachta ag feidhmiú trí Ghaeilge agus déanfaidh sé seo an-chuid damáiste don Ghaeilge. Is gá go dtabharfar ar ais próiseas daonlathach chun ionadaíocht a dhéanamh ar an bpobal ar bhord Údaráis na Gaeltachta. Is gá do dtugfaí maoiniú mar is gá don údarás. Tá sé geallta anois ag an Rialtas go méadóidh sé an méid airgid caipitil ach cathain go díreach a dtarlóidh sé seo? An dtarlóidh sé an bhliain seo chugainn, nó i gceann deich mbliana?

Is gá go mbeadh an Roinn in ann obair in éineacht leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Dúirt an tAire Stáit an tseachtain seo caite go raibh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag déanamh an-chuid obair ar son na Gaeilge. Níl plean ar bith ag an Roinn sin mar gheall ar an Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. D'admhaigh an Roinn é sin domsa cúpla seachtain ó shin i bhfreagra ar cheist pharlaiminte.

Níl ach 5% de na páistí sa tír seo ag freastal ar Ghaelscoileanna in ainneoin go bhfuil 23% de thuismitheoirí ag iarraidh a bpáistí a chur ar scoil i nGaelscoil.

Ba cheart go mbeadh cultúrlann bunaithe i mBaile Átha Cliath. Tá cultúrlann i mBéal Feirste, i nDoire agus san Iúr ach níl ceann anseo.

Ba mhaith liom i bhfad níos mó ama chun i bhfad níos mó fíricí a chur os comhair an Aire Stáit ach stopfaidh mé ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.