Dáil debates

Tuesday, 6 March 2018

An Ghaeilge: Ráitis - Irish Language: Statements

 

6:35 pm

Photo of Carol NolanCarol Nolan (Offaly, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá mé lánsásta labhairt faoin topaic seo inniu. D'fhás mé suas i dteach ina raibh meas ar an teanga Gaeilge, cé nár fhás mé suas sa Ghaeltacht nó aon rud mar sin. Ceapaim go bhfuil meas ar an nGaeilge fíorthábhachtach, áfach, agus ní dóigh liom go bhfuil go leor meas ann sa chóras oideachais faoi láthair. Má táimid i ndáiríre faoin teanga, ár dteanga dúchais, caithfimid gach uile iarracht a dhéanamh chun díriú ar an nGaeilge sa chóras oideachais. D'fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna straitéis litearthachta agus uimhearthachta in 2011 ach níl meas ar an teanga sa straitéis sin. Bhí mé i mo mhúinteoir i mbunscoil nuair a tháinig an straitéis sin isteach. Cuireadh iallaigh ar múinteoirí díriú ar an mBéarla agus ar an matamaitic i ngach scoil nach Gaelscoil é. Ciallaíonn sé sin go bhfuil múinteoirí ag caitheamh i bhfad níos mó ama ag múineadh an Bhéarla agus na matamaitice agus tá an Ghaeilge fágtha ar leathaobh agus é sin toisc go bhfuil siad ag déanamh a seacht ndíchill sna scoileanna. Is é sin an córas.

D'fhoilsigh Pádraig Mac Piarais The Murder Machineblianta ó shin agus ceapaim go bhfuil an córas oideachais atá againn faoi láthair cosúil le meaisín dúnmharaithe mar tá sé ag scriosadh na teanga. Níl sé féaráilte ar na páistí nach bhfuil an deis acu an Ghaeilge, an teanga shaibhir seo, a fhoghlaim. Níl na deiseanna atá ann mar an gcéanna leis na deiseanna atá ann an Béarla agus matamaitic a fhoghlaim sna bunscoileanna. Rud déisteanach is ea é sin. Mar a dúirt mé, níl an Ghaeilge curtha ar chomhchéim agus ba chóir go mbeadh athrú maidir leis sin. Tá an Ghaeilge curtha ar leathaobh agus léiríonn an straitéis go bhfuil dearcadh diúltach i leith na Gaeilge ann. Caithfimid ár seacht ndícheall a dhéanamh chun é sin a athrú chomh gasta agus is féidir linn nó déanfaidh sé i bhfad níos mó damáiste do mhúineadh na Gaeilge i mbunscoileanna. Tá an grá don Ghaeilge ann i measc múinteoirí agus daltaí. Mar sin, tabhair an deis shaibhir atá ann dóibh an teanga a fhoghlaim.

Tá athrú dearcadh ag teastáil ón Rialtas maidir leis an gcóras oideachais. Mar a dúirt mé, rud déistineach atá i gceist anseo. Leath-náisiún é náisiún nach bhfuil a theanga dúchais aige. Ba mhaith liom a bheith dearfach faoi seo agus go mbeidh athrú éigin ann chomh luath agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.