Dáil debates

Tuesday, 6 March 2018

An Ghaeilge: Ráitis - Irish Language: Statements

 

6:15 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tháinig an Chéad Dáil le chéile nach mór 100 bliain ó shin, ar 21 Eanáir 1919. Ar ndóigh, ritheadh imeachtaí an lae sin trí Ghaeilge ar fad, ach amháin gur léadh amach Forógra na Poblachta - forógra an neamhspleáchais - i nGaeilge, i bhFraincis agus i mBéarla. Cé is moite de sin, bhí imeachtaí an lae sin uilig i nGaeilge. Caithfidh mé a rá gur údar díomá é dom, beagnach 100 bliain ina dhiaidh sin, nach bhfuil á thabhairt ag an Dáil seo ach deich nóiméad an duine do na hurlabhraithe agus cúig nóiméad ina dhiaidh sin do dhuine ar bith eile ar mian leis nó léi labhairt ar cheist na Gaeilge. Is dóigh liom go gcaithfidh an Teach seo breathnú ar an gcaoi a bhfuil a bhfuilimid ag caitheamh leis an nGaeilge agus an cheist a chur an bhfuilimid ag tabhairt dea-shampla.

Níl aon cheist faoi ach ó bunaíodh Conradh na Gaeilge go bhfuil obair mhór déanta ar son na Gaeilge agus go minic is dóigh liom nach dtuigeann daoine an chontúirt a bhí ann ag an am go bhfaigheadh an teanga bás. Ag deireadh an 19ú haois, ní raibh ach 1% den phobal nach raibh in ann Béarla a labhairt. Ag an am sin duine ar bith i nglúin amháin a bhí dátheangach, bhí a gcuid gasúir aonteangach sa chéad ghlúin eile. Mar sin, níl aon amhras orm ach gur shábháil Conradh na Gaeilge an teanga, ní hamháin sa Ghaeltacht ach gur chuir siad ar fás í taobh amuigh den Ghaeltacht.

Tógann athrú teanga tamaill fhada, go mórmhór i dtreo mionteanga. Mar sin, in ainneoin na mbotún a rinneadh, agus rinneadh botúin, is féidir linn a rá go ndearnadh gaisce sa Stát i gcaitheamh na mblianta.

É sin ráite, chaithfinn a bheith thar a bheith gearánach faoin laghad atá á ndéanamh i láthair na huaire, in ainneoin an mhéid a bhí le rá ag an Aire Stáit.

Tá caint i gcónaí ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, amhail is nach raibh ann ach go mbeadh grúpaí deonacha ag plé le pleanáil teanga. Tá i bhfad níos mó ann agus b'fhiú don Rialtas é a léamh arís.

Ba mhaith liom díriú ar roinnt nithe. Ar an gcéad dul síos ó thaobh na meáin chumarsáide, aithneoidh éinne atá ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar na saolta seo go bhfuil ciorruithe i ndiaidh ciorruithe á gcur i bhfeidhm. Níl forbairt ar bith á dhéanamh air. Maidir le TG4, nuair a chuirtear an chistíocht atá ar fáil ag TG4 le hais RTÉ, atá ag craoladh i mórtheanga an domhain, feictear go bhfuil sé fágtha ar an ngannchuid. Sa bhliain dheireanach ina raibh mo pháirtí sa Rialtas, thugamar cuid den cheadúnas do TG4 don chéad uair agus ba cheart cur go mór leis sin. Chuir mé coimisiún beag ar bun, daoine óga, agus chuir mé ceist orthu céard a fhéadfaimis a dhéanamh, go simplí, ar son na Gaeilge. Tháinig siad ar fad, dream ón nGaeltacht, agus ar barr an liosta bhí éileamh amháin beag simplí acu. B’shin stáisiún raidió ar nós 2FM le popcheol a bheadh rite go hiomlán trí Ghaeilge. Leis an teicneolaíocht nua atá ann, agus le raidió digiteach, níl aon fhadhb leis sin níos mó. Ní hé nach bhfuil aon tonnta ar fáil - tá siad ar fáil agus ba cheart díriú ar sin láithreach. Is féidir é a dhéanamh trí Raidió Rí-Rá nó trí bhealach nua a thabhairt do Raidió na Gaeltachta agus go mbeadh craoladh as na stiúideonna i gcaitheamh an lae agus i gcaitheamh chuile oíche.

An dara rud nár tugadh faoi ná ceist cumas múinteoirí múineadh trí Ghaeilge. Ba cheart dúinn bheith macánta faoi - bhí an t-am ann nuair a casadh le múinteoir bunscoile agus d’fhéadfadh comhrá a dhéanamh le chuile dhuine acu trí Ghaeilge.

Ní hamhlaidh atá sé anois. Tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh agus níl sí acu féin. Bhí moltaí sonracha le déileáil leis an gceist sin sa straitéis 20 bliain -

tréimhsí níos faide sa Ghaeltacht – ach céard atá déanta ag an Rialtas? Táthar tar éis táillí a ghearradh ar na hábhair oidí atá ag dul chun na Gaeltachta, in ionad na dtáillí a íoc agus a rá leis na hábhair oidí tréimhsí fada a chaitheamh ann agus an teanga a thabhairt leo. Chomh maith leis sin, níl aon pholasaí ceart maoiniú againn. Níl aon pholasaí ceart ó thaobh bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Ba cheart go mbeadh fáil ag gach saoránach sa Stát ar Ghaelscoil ina gceantar féin. Tuigim go gcaithfear taistil, agus nílim ag rá gur chóir go mbeidís i chuile shráidbhaile sa tír.

Ach ba cheart go mbeadh gréasán Gaelscoileanna ar fud na tíre, agus iad pleanáilte, ní mar chuid den chóras Béarla ach mar chuid de chreatlach agus de ghréasán iomlán oideachais trí Ghaeilge. Tá an t-éileamh ann. Níl aon mhaith a rá go mbeidís ag goid scoláirí ó na scoileanna Béarla - sin rogha na dtuismitheoirí. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil éileamh ann do scoileanna Gaelscolaíochta ó go leor leor tuismitheoirí.

Tá go leor brú ar an nGaeltacht. Cloisim go leor daoine ag caint ar an mbrú seo. Tá an brú ann mar nach bhfuil an phobail seasmhach mar a bhí fadó. Fadó, phós daoine daoine as a gceantair féin, nó théidís chun cónaithe leo.

Ar ndóigh, ní mar sin atá an saol i lathair na huaire. Mar sin, tá daoine ag bogadh isteach go dtí an Ghaeltacht an t-am uilig nach bhfuil an teanga acu. Caithfimid admháil go bhfuil sé sin ag dul le tarlú mar is é sin nadúr an tsaoil agus an sochaí ina bhfuil muid ag maireachtáil. Mar sin, caithfimid treisiú go mór ar na tacaíochtaí den teanga taobh istigh den Ghaeltacht, go mórmhór i measc an aos óg. Níl aon mhaith a bheith a chaitheamh anuas ar an aos óg má labhraíonn siad Béarla eatarthu féin mura bhfuil Gaeilge ag na cairde ar fad atá acu.

Tá go leor rudaí maithe déanta ag muintir na Breataine Bige sa gcomhthéacs sin ach arís caithfimid bheith sásta airgead a infheistiú. Mar shampla, má thagann duine gan Bhreatnais i scoil Bhreatnaise, cuirtear ar chúrsaí sé seachtaine iad sula dtéann siad sa scoil le go dtabharfaidh siad an Bhreatnais leo sula dtiocfaidh siad isteach i scoile lán-Bhreatnaise. Ní thugaimid tacaíocht ar bith do na daoine gan Ghaeilge i gcomhthéacs mar sin. Caithimid iad isteach sa scoil agus bímid ag déanamh iontais cén fáth nach bhfuileadar ag labhairt Gaeilge agus cén fáth a bhfuil chuile dhuine ag tiontú ar an mBéarla.

Maidir leis an gcreatlach pleanála, tá tagairt don Ghaeilge ann ach níl aon moltaí maidir leis an nGaeltacht ná leis an nGaeilge ann. Mar shampla, níl tada maidir le pleanáil fhisiciúil sna cheantair Gaeltachta. Níl tada maidir leis an gcaoi an teanga a chosaint, mar shampla, i gcomhthéacs Chonamara - an Ghaeltacht is láidre sa tír - ó ilfhorbairt na Gaillimhe atá molta. Níl focal faoi. Ó thaobh cúrsaí pleanála de, níl aon fhocal ach oiread faoin gcaoi a bhfuil an Rialtas dul ag tógáil na greásáin Gaeltachta sna bailte móra ar fud na tíre.

Maidir le hinfheistíocht sa bplean náisiúnta, tá an Rialtas ag déanamh gaisce as €178 milliún thar deich mbliana. Sin meánchaiteachas de €17 milliún in aghaidh na bliana am éicint amach anseo. Tá €10 milliún i gceist ó thaobh caiteachas capitil i mbliana. Tá an caiteachas céanna ag an Stát i mbliana ó thaobh caiteachas vótáilte agus a bhí ann sa mbliain 2008. An bhliain sin caitheadh €71 milliún ar chúrsaí caipitil a bhain leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.

Ar deireadh, fáiltím roimh rud amháin sa phlean náisiúnta agus is é sin go bhfuil sé i gceist lárionad Gaeilge a thógáil i mBaile Átha Cliath. Tá dhá rud le rá agam go sciobtha faoi sin. Is é an chéad rud ná gur cheart an t-athchóiriú atá molta don fhoirgneamh ar Shráid Fhearchair a dhéanamh. Is foirgneamh stairiúil é. Bhain sin le banc Shinn Féin i rith thréimhse Chogadh na Saoirse. Ina dhiaidh sin bhronn an Stát ar an gconradh é sa bhliain 1966. Ba cheart lárionad Gaeilge a bhunú ansin. Ach ba cheart go mbeadh lárionad eile ar an taobh ó thuaidh den Life. Bheadh súil agamsa go mbeadh sé sin ar shuíomh Shráid Uí Mhórdha. Cén áit ní b'oiriúnaí le haghaidh ionad den chineál sin ná láthair Shráid Uí Mhórdha, áit a bhfuil an oiread ceangal leis an oiread Gaeilgeoirí leis - Ó Raghallaigh, an Piarsach agus araile? Bheadh sé go maith dá gcuirfí tús leis sin i mbliana - i mBliain na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.