Dáil debates
Wednesday, 28 February 2018
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Cistiúchán Roinne
10:50 am
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Ní aontaím leis an ráiteas fadúda an col ceathrar bocht. Níl an teanga ina col ceathrar bocht. Caithfidh an Teachta bheith ciallmhar maidir leis sin. Níor thug an Teachta aitheantas don ról atá ag an cheangal agus an nasc idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. I mí Mheán Fómhair i mbliana, beidh tacaíocht breise ag dul chuig achan bhunscoil sna ceantair Gaeltachta. Seo an áit a bheidh an teanga ag fás sa tír - istigh sna bunscoileanna.
No comments