Dáil debates

Wednesday, 28 February 2018

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Cistiúchán Roinne

10:50 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Leis an fhírinne a rá, is í an Ghaeilge an col ceathrar bocht ó thaobh an Rialtais de. Tá an Ghaeilge agus an tAire Stáit, Teachta McHugh, ag bun an dréimire gach uair. Tá sé dochreidte. Tá an tAire Stáit cosúil le Comical Ali mar gheall ar an Ghaeilge. Tá titim 11% tar éis teacht ar an méid daoine atá ag labhairt an Ghaeilge sa Ghaeltacht. Sin an slat tomhais is tábhachtaí mar gheall ar dul chun cinn chur chuige an Rialtais. Tharla titim 11% agus tá an tAire Stáit ag teacht isteach anseo ag rá go bhfuil athbheochan ag teacht ar an rud. Tá an Ghaeilge ag dul i léig sna Gaeltachtaí - an áit is tábhachtaí.

Ba chóir don Aire Stáit breathnú ar rud éigin eile. Dúirt an Rialtas freisin go mbeidh príomhthosaíocht ag Roinn an Aire Stáit mar gheall ar an straitéis 20 bliain. Dúirt sé go mbeidh an plean foilsithe ag deireadh mhí Feabhra. Tá mí Feabhra imithe. Cá bhfuil an plean sin? Táimid ag fanacht beagán níos mó ná bliain ar an phlean seo. Thosaigh an comhairliúchán le haghaidh an plean seo in 2015. Cá bhfuil sé? Tá an t-am ag sleamhnú thart.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.