Dáil debates

Wednesday, 28 February 2018

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Cistiúchán Roinne

10:40 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

I gcónaí bíonn ceisteanna sa Teach seo maidir le hairgead breise, maidir le deontais breise agus maidir le tacaíocht ón Rialtas. Tá an díospóireacht sin tábhachtach maidir le brú a chur ar an Rialtas ó thaobh infheistíochta de agus aontaím leis. É sin ráite, ní bheidh seans agam sa Teach seo labhairt fá dtaobh d'aon phlean nó d'aon ghníomhaíocht sa bhealach a bheidh ag Teachtaí eile chun labhairt fúthu. Tóg, mar shampla, an ceangal idir na bailte seirbhísí, na comharchumainn atá ag obair ar an bpleanáil teanga sna ceantair Ghaeltachta nó na líonraí Gaeltachta. D'fhéadfadh an díospóireacht a bhíonn ag dul ar aghaidh sa Teach seo a bheith ag dul ar aghaidh taobh amuigh den Teach. Tá athbheochan ollmhór ag dul ar aghaidh maidir leis an teanga. Mar is eol don Teachta, bhí lainseáil agus ócáid thar a bheith dearfach i bPáirc Uí Chrócaigh an tseachtain a chuaigh thart maidir leis na líonraí Gaeltachta i nGallimh, i gCluain Dolcáin agus sa Tuaisceart.

Tá seans againn aitheantas a ghabháil chuig na dreamanna a bheidh ag bogadh ar aghaidh leis an teanga. Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta fite fuaite ann. Ní teanga cumarsáide amháin í an Ghaeilge. Is croílár na hoidhreachta agus an chultúir í fosta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.