Dáil debates

Wednesday, 28 February 2018

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Cistiúchán Roinne

10:40 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is é an fhadhb atá agam ná gur chuir an tAire Stáit fáilte arís roimh an méid airgid a fuair sé sa cháinaisnéis in ainneoin go bhfuair an Roinn níos lú ná leath den mhéid mhaoinithe a bhí á lorg. I mí Dheireadh Fómhair, dúirt an tAire Stáit go raibh an Rialtas dírithe ar theacht leis an tiomantas dár gcultúr atá le feiceáil i mórán de na heagraíochtaí díógraiseacha atá ar fud an Stáit. Dúirt sé go raibh aitheantas tugtha don obair chruaidh seo sa cháinaisnéis ach leath-aitheantais atá ann, ar ndóigh, de réir critéir an Aire Stáit féin. D'aithin an Roinn go raibh €5 milliún de dhíth leis na spriocanna ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhaint amach. Ní bhfuair an Roinn ach €1.9 milliún ag an deireadh. Cé a rinne an cinneadh seo? Is léir nach bhfuil an tAire Stáit nó an tAire sinsearach ag fáil éisteacht ar chor ar bith ag bord an Rialtais maidir leis seo. Conas is féidir leis an tAire Stáít teacht isteach anseo inniu agus fáilte a chur roimh an méid airgid sin nuair nach bhfuil ann ach 40% den mhéid airgid a bhí ag teastáil ón Roinn?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.