Dáil debates

Wednesday, 28 February 2018

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Cistiúchán Roinne

10:40 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar Aire Stáit dár dteanga dhúchais, dár gceantair Ghaeltachta agus dár n-oileáin, chuir mé fáilte roimh an maoiniú breise de thart ar €2 milliún a cuireadh ar fáil dom i gcáinaisnéis 2018. San áireamh san allúntas a fuarthas don bhliain seo tá €1.4 milliún breise chun tacú leis an phróiseas pleanála teanga faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, €400,000 de mhaoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta chun infheistiú ina chláir caipitil agus chun tacaí a mhéadú do chomharchumainn agus d’eagraíochtaí forbartha pobail na Gaeltachta, rud a fhágann go bhfuil an maoiniú caipitil don Údarás méadaithe go €7 milliún, agus leithdháileadh breise de €687,000 do scéimeanna tacaíochta teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.

San áireamh i mbuiséad na bliana seo fosta, tá suim shuntasach de €14.028 milliún le cur ar fáil don Fhoras Teanga, a chuimsíonn Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, agus maoiniú €450,000 do Bhliain na Gaeilge 2018 san áireamh.

Ar ndóigh, ar nós achan Roinn agus achan Aire, bím ag lorg níos mó acmhainní chun cur leis an obair fhiúntach atá ar bun againn sa Roinn. Déantar é seo trí plé agus comhráití leanúnach leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus is mar sin a bheidh sé arís i mbliana agus muid ag obair i dtreo bhuiséad 2019.

Níor mhiste a nótáil gur fhógair an Rialtas an tseachtain seo caite go mbeadh €178 milliún in airgead caipitil ar fáil le caitheamh ar thograí Gaeilge, Gaeltachta agus oileánda as seo go ceann 10 mbliana. Sin €78 milliún in airgead úr anuas ar an suim de níos mó ná €10 milliún atá á chaitheamh ar na nithe céanna in 2018. San áireamh sa phlean forbartha náisiúnta, tá gealltanas go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12 milliún in aghaidh na bliana agus go gcuirfear airgead breise isteach sna scéimeanna caipitil Gaeltachta atá á riar ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chomh maith, cur chuige a thacóidh le pobail Gaeltachta a gcuid pleananna teanga a chur i bhfeidhm.

Eolas breise nár tugadh ar úrlár an Tí

Sa chomhthéacs sin, ní mór a nótáil chomh maith go bhfuil buiséad reatha na Roinne don phleanáil teanga méadaithe ó €1.25 milliún anuraidh go dtí €2.65 milliún i mbliana. Tá maoiniú bliantúil curtha ar fáil ag an Rialtas don phróiseas pleanála teanga gach bhliain ón mbliain 2014, agus tá ardú tagtha ar leibhéil an mhaoinithe sin gach bliain.

Is léir uaidh seo uile go bhfuil na figiúirí ag dul sa treo ceart agus iad ag méadú anois gach uile bhliain.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.