Dáil debates

Wednesday, 28 February 2018

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Project Ireland 2040

10:30 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Sa mbliain 2008 bhí ollcaiteachas vótála ag an Stát de bheagnach €62 billiún. Sa mbliain 2018 beidh an ollcaiteachas mórán mar a chéile agus é beagnach €62 billiún. An difríocht atá ann ná an difríocht ó thaobh caiteachas caipitil ar an nGaeltacht, ar na hoileáin agus ar Údarás na Gaeltachta. Chaith an Rialtas €71 milliún sa mbliain 2008. I mbliana, áfach, caithfidh an Rialtas €10 milliún - an seachtú cuid. Tá an tAire Stáit ag déanamh gaisce inniu as €107 milliún a chaitheamh as seo go dtí 2027. Nach gceapann an tAire Stáit gur laghdú ollmhór caiteachais é sin ar an nGaeltacht? An bhfuil casadh déanta ag an Aire Stáit leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir leis an easpa tacaíochta agus tosaíochta atá á thabhairt don Ghaeltacht, do na hoileáin agus don Ghaeilge ó thaobh caiteachas an Rialtais de?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.