Dáil debates

Wednesday, 28 February 2018

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Project Ireland 2040

10:30 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, d’fhógair an Rialtas an tseachtain seo imithe thart go mbeadh €178 milliún in airgead caipitil ar fáil le caitheamh ar thograí Gaeilge, Gaeltachta agus oileánda as seo go ceann deich mbliana mar chuid den phlean forbartha náisiúnta. Anuas air sin, tá aitheantas láidir tugtha don phróiseas pleanála teanga atá ar bun faoi fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012 sa chreat náisiúnta pleanála agus é mar sprioc náisiúnta pholasaí go dtacófar le cur i bhfeidhm an phróisis sin.

Leagtar amach sa phlean cuspóiri an Rialtais maidir le hinfheistíocht i gcultúr, i dteanga agus in oidhreacht na hÉireann ós rud é go n-aithnítear go bhfuil bonneagar ardchaighdeáin an-tábhachtach le go mbeidh cultúr láidir, bisiúil ann a bhfuil an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin mar chuid lárnach agus sainiúil de, ar ndóigh. San áireamh mar chuid den phlean, tá gealltanas go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12 milliún in aghaidh na bliana agus go gcuirfear airgead breise isteach sa chlár tacaíochtaí pobail agus teanga atá á riar ag mo Roinn mar thaca breise don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Sa chomhthéacs sin, ní miste a nótáil chomh maith go bhfuil buiséad na Roinne don phleanáil teanga méadaithe ó €1.25 milliún anuraidh go dtí €2.65 milliún i mbliana, rud a fhágann go bhfuil ardú bliain i ndiaidh bliana curtha ar fáil chun tacú le feidhmiú an phróisis ó thosaigh sé in 2014. Ina theannta sin, tugtar gealltanas sa phlean go bhforbrófar ionaid Ghaeilge agus chultúir i líonraí Gaeilge agus i mbailte seirbhíse Gaeltachta atá mar chuid thábhachtach den phróiseas pleanála teanga. Tá i gceist faoin bplean chomh maith go bhforbrófar lárionad Gaeilge agus cultúir i gcathair Bhaile Átha Cliath. Cinnteoidh an infheistíocht seo go ndéanfar tuilleadh treisithe ar an Ghaeilge ar bhonn náisiúnta agus go ndéanfar é sin tríd an bpróiseas pleanála teanga atá ag croílár na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Eolas breise nár tugadh ar úrlár an Tí

Lena chois sin, tá beartaithe go ndéanfar tuilleadh forbartha ar bhonneagar oileánda, go háirithe ar Inis Oírr agus Inis Meáin chomh maith le forbairt ar an gcé ag Machaire Rabhartaigh agus ar bhád farantóireachta nua le go mbeidh freastal níos fear déanta ar Thóraí.

Is sa bhreis ar an réimse leathan clár, scéimeanna agus tionscnamh atá idir lámha ag mo Roinn cheana féin, i gcomhar le forais ábhartha eile Stáit, a bheidh an plean infheistíochta caipitil seo á chur i bhfeidhm, ar ndóigh, ar leas phobal na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán araon. Táim sásta, dá réir, lena bhfuil sa phlean agus sa chreat mar a bhaineann sé leis an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin.

Is ceist don Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil í foilsiú an dá cháipéis seo. É sin ráite, tuigfidh an Teachta go bhfuil Bille á dhréachtú faoi láthair agus a bheidh á fhoilsiú le linn an téarma seo, a dhéanfaidh treisiú ar fhorálacha Acht na dTeanga Oifigiúla 2003.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.