Dáil debates

Wednesday, 28 February 2018

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Project Ireland 2040

10:40 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Tabharfaidh mé freagra sciobtha. Bhí laghdú ollmhór thar na blianta a chuaigh thart ó 2008 go 2014 maidir leis an airgead a bhí ar fáil fá choinne na rudaí caipitil i Roinn na Gaeltachta. Tháinig suas go €10 milliún isteach i mbliana agus beimid ag dul ó chéim go céim le linn na deich mbliana go dtí €17 milliún fá choinne an caipiteal amach anseo. Tá difear mór ann anois ach an rud is mó maidir leis an bplean deich mbliana ná go bhfuil mé ag cur ar fáil airgid agus tacaíochta fá choinne staidéar féidearthachtaí i gceantair Ghaeltachta éagsúla i gContae na Gaillimhe, i gContae Dhún na nGall agus i gContae Chiarraí, mar shampla. B'fhéidir go bhfuil togra ar intinn an Teachta féin maidir leis na ceantair agus beidh ról lárnach ag na daoine a bheidh ag obair ar an bpleanáil teanga maidir le tograí a bhaint amach. Beidh seans ansan. An difear is mó ná an plean a chur le chéile. Bhí cruinniú dearfa ag an Aire sinsearach, an Teachta Josepha Madigan, agus mo chuid oifigigh an tseachtain a chuaigh thart maidir leis an phlean a chur le chéile amach anseo agus laistigh de cúig bliana nó deich mbliana. Beidh sé níos fearr dá réir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.