Dáil debates

Wednesday, 27 September 2017

Priority Questions

Scéimeanna Teanga

2:55 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Airgead breise i gcónaí. Sin an scéal agus sin an díospóireacht i gcónaí maidir leis an teanga. In 2012, bhí an gealltanas ann maidir leis an reachtaíocht agus na pleananna teanga. Rinne Dinny McGinley fíor-iarracht fá dtaobh den reachtaíocht ansin. Sin an fís. Rinne an Teachta tagairt do na ceantair: Ghaoth Dobhair, Anagaire, Loch an Iúir, Rann na Feirste, Cloich Chionnaola, An Fál Carrach, Machaire Rabhartaigh agus Gort an Choirce agus, i gContae na Gaillimhe, Cois Fharraige. Seo tús an phróisis. Tá €300,000 ar fail fá choinne an tús sin a chur i gcrích. Tá na daoine uilig ag fáil suimeanna difriúla. I nGaoth Dobhair, tá siad ag fáil €436,000. I nGaillimh, tá cúpla grúpa ag fáil €200,000 agus €50,000. Tá mise ag amharc ar an bhealach is féaráilte dó seo lastigh den tréimhse 12 mhí. Sin an cloch is mó ar mo phaidrín. Amach anseo beidh bealaí difriúla agus buiséid difriúla ann agus beidh airgead breise ann ó na Ranna difriúla fosta. Níl Roinn na Gaeltachta an t-aon Roinn atá freagrach as an teanga. Tá a fhios ag an Teachta é sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.