Dáil debates

Wednesday, 27 September 2017

Priority Questions

Scéimeanna Teanga

2:55 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá pleananna difriúla ann. Má tá pleananna difriúla ann, an loighic atá ann ná go gcaithfidh suimeanna airgid difriúa a bheith ann. Má tá plean ann le níos mó béime ar dhaoine a bheith ag obair, caithfear níos mó airgid a thabhairt dó. Níor tharla an laghdú a bhí ann san airgead don Ghaeilge agus don Ghaeltacht faoi Rialtas an Aire le seacht mbliana anuas in aon Roinn eile. Bhí titim de 80% sa bhuiséad. Faigheann rannán na Gaeltachta i Roinn an Aire Stáit - tá sé tábhachtach go gcloisfeadh an tAire sinsearach é seo freisin - níos lú ná aon trian den airgead a fhaigheann an Roinn ina iomláine. Faigheann rannán na n-ealaíon 50% den airgead sa Roinn agus faigheann rannán na hoidhreachta agus na rudaí eile, b'fhéidir, aon cheathrú den airgead. Ní fhaigheann rannán na Gaeltachta ach aon trian den airgead. Is suim íseal airgid atá i gceist. Caitheann an Taoiseach níos mó airgid ar a phoiblíocht agus a bholscaireacht. Nílimid ag caint ach ar b'fhéidir €200,000 sa bhliain a thabhairt do na Gaeltachtaí chun go mbeadh siad in ann an oidhreacht saibhir seo a choiméad beo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.