Dáil debates

Wednesday, 27 September 2017

Priority Questions

Scéimeanna Teanga

2:55 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl ach cúpla bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht ag an bomaite. Faoi chúram Fhine Gael le seacht mbliana anuas, tá titim uafásach tar éis teacht agus é sin le feiceáil sa daonáireamh. Thar timpeall na tíre, bhí daoine ag obair go dian sna Gaeltachtaí. I nGaoth Dobhair, Dáilcheantar an Aire Stáit, bhí an pobal ag obair le chéile go dian air seo. I gCorca Dhuibhne, bhí an rud céanna ann. Bhí siad chun rudaí iontacha a dhéanamh agus naisc nua a chruthú idir na heagraíochtaí spóirt agus pobail go léir ina gceantair. An fhadhb atá ann anois ná, sular léadh na pleananna, rinneadh cinneadh €100,000 a chur ar fáil. Bhí na heagraíochtaí ag iarraidh ceathrar nó seisear, b'fhéidir, a earcú chun an rud seo a chur i bhfeidhm ach tá an Roinn ag rá nach bhfuil cead ach duine amháin a earcú chun an rud seo a dhéanamh. An rud atá an Roinn ag rá do na comharchumainn anois ná gur orthu atá an obair as seo amach agus, fiú go bhfuil siad uafásach gnóthach ag an bomaite, go gcaithfidh siad i bhfad níos mó oibre a dhéanamh mar ní fheiceann an Roinn an luach atá sna pleananna nó luach a gcuid oibre go dtí seo. Tá sé sin maslach. Impím ar an Aire Stáit níos mó airgid - an t-airgead cuí - a thabhairt dóibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.