Dáil debates

Wednesday, 27 September 2017

Priority Questions

Scéimeanna Teanga

2:55 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta as an cheist. Chun cabhrú le feidhmiú an phróisis pleanála teanga sa bhliain reatha, d'fhógair mo Roinn i mí Aibreáin na bliana seo go bhfuil allúntas ar fiú €850,000 in iomlán á chur ar fáil ag an Roinn chun cabhrú le feidhmiú an phróisis pleanála teanga i mbliana. Den allúntas seo, tá €735,000 curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus €115,000 curtha ar fáil d'Fhoras na Gaeilge le gur féidir leo cuidiú leis na heagraíochtaí pleanála teanga atá faoina gcúram lena gcuid pleananna a ullmhú agus a fheidhmiú. Mar chuid den allúntas sin, tá ciste ar fiú suas le €100,000 thar tréimhse 12 mhí iomlán le bheith ar fáil i leith gach limistéir ina cheadaítear plean teanga chun tús a chur le feidhmiú na bpleananna sin.

Ag brath ar mhianta agus riachtanais an limistéir i gceist, beidh sé curtha ar chumas na gceanneagraíochtaí oifigeach pleanála teanga a fhostú ón gciste seo chun cabhrú le feidhmiú a bpleananna. Ina theannta sin, beifear in ann leas a bhaint as an gciste chun cúram a dhéanamh de bhearta na bpleananna féin, i gcomthéacs na dtosaíochtaí mar a aithnítear iad go háitiúil. Beidh Údarás na Gaeltachta ag déanamh teagmháil leis na ceanneagraíochtaí i gceist go luath chun na socruithe cuí a dhéanamh agus tús a chur dá réir le feidhmiú pleananna sa Ghaeltacht.

Ós rud é go mbeidh gá cúram a dhéanamh de 26 limistéar pleanála teanga, suas le 16 de bhailte seirbhíse Gaeltachta agus trí líonra Gaeilge mar a sheasann rudaí faoi láthair, tuigfidh an Teachta go mbeidh gá an soláthair airgid a bheidh curtha ar fail ón Státchiste a bhainistiú mar is cuí le go mbeifear ag obair i dtreo an toradh is fearr is féidir a bhaint amach don Ghaeilge. Comhthreomhar leis an infheistíocht phleanála teanga, cuimhnímis chomh maith go bhfuil infheistíocht shuntasach á déanamh i gcaitheamh an ama ag an Roinn, ag an údarás agus ag an bhforas araon i réimse leathan clár, scéimeanna, tionscnaimh agus bearta atá agus a bheidh ag tacú leis an nGaeilge agus go rachaidh sé seo chun sochair an phróisis sna ceantair i gceist.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfaidh mé orm mar Aire Stáit ag déanamh mo sheacht ndícheall chun an cion is fearr is féidir a fháil ón Státchiste chun tacú le chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhfuil an próiseas pleanála mar chuid lárnach de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.