Dáil debates

Wednesday, 27 September 2017

Priority Questions

Scéimeanna Teanga

2:55 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cúpla bliain ó shin bhí Dinny McGinley anseo. Dar le daoine go mbeadh na pleananna teanga ina slánaitheoir don Ghaeltacht. Bhí a fhios aige go raibh an Ghaeltacht faoi bhrú uafásach agus sheol sé an plean i mBille na Gaeltachta go mbeadh na pleananna seo ag dul ar aghaidh. Tá mise tar éis dul thar timpeall na tíre agus cuairt a thabhairt ar na Gaeltachtaí. Tá siad in ísealbhrí mar gheall ar an ngiota beag airgead atá an Rialtas ag tabhairt don jab seo. Guím gach rath ar an Aire Stáit sa phost nua atá aige. Seo an chéad dúshlán atá aige. Má tá an Rialtas chun €100,000 a thabhairt dóibh, beidh teip air maidir leis an dúshlán sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.