Dáil debates
Wednesday, 27 September 2017
Priority Questions
An Clár Rialtais
2:45 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Anois tiocfaimid ag an mbuncheist arís. Tá pleananna ag an Aire Stáit. Tá geallúint tugtha - so ní cheist cáinaisnéise í seo - ag an Rialtas d'Fhianna Fáil agus chomh maith leis sin tá geallúint i gclár an Rialtais. Is é an rud atá ráite ná méadú a dhéanamh ar an infheistíocht sa teanga Gaeilge. Tá sé dubh agus bán. Cuireadh laghdú beagnach €4 milliún ar sin anuraidh. Nílim ag iarraidh an tsuim airgid, tar éis €5 milliún a bheith iarrtha ag pobal na Gaeilge don bhliain seo chugainn agus €18 milliún ar fad. Is í an cheist atá orm ná an gcloífear leis an ngeallúint a thug an Rialtas go mbeadh breis infheistíocht á déanamh sa Ghaeilge nó nach gcloífear? Ní cheist cáinaisnéise í sin, is ceist geallúint Rialtais.
No comments