Dáil debates

Wednesday, 27 September 2017

Priority Questions

An Clár Rialtais

2:45 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

I gcomhréir leis na spriocanna sonracha atá leagtha síos i gClár an Rialtais Comhpháirtíochta agus i ráiteas straitéise na Roinne, is iad na príomhthosaíochtaí atá agam dom Ghaeilge agus an Ghaeltacht do 2018 ná: forfheidhmhiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a chur chun cinn; an phróiseas pleanála teanga a bhrú ar aghaidh; tacú le fostaíocht a chruthú agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht trí Údarás na Gaeltachta; tacú leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann trí Fhoras na Gaeilge, tacú leis an bpróiseas chun deireadh a chuir leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach; agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 a achtú.

Ar ndóigh, tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge fite fuaite le gníomhaíochtaí mo Roinne thar na réimsí Gaeilge agus Gaeltachta go léir agus beidh sé mar chéad thosaíocht agamsa an straitéis sin a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na páirtithe leasmhara. Ní gá a rá go bhfuil an próiseas pleanála teanga agus feidhmiú pleananna teanga sa Ghaeltacht mar chuid lárnach d’fheidhmiú na straitéise.

Maidir le feidhmiú na straitéise, ní miste dom a mheabhrú don Teachta go bhfuil i gceist ag mo Roinn plean gníomhaíochta don tréimhse 2017-2022 a fhoilsiú faoi dheireadh an fhómhair. Le foilsiú an phlean seo, beifear ag súil go dtabharfaí aghaidh ar na rudaí is tábhachtaí mar a aithneofar iad sa phlean cúig bliana agus go nglacfaidh gach páirtí go fonnmhar leis an deis a gcionn a dhéanamh ar son na straitéise.

Maidir le cúrsaí buiséid, ní miste dom a mheabhrú don Teachta gur tríd an phróiseas Meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinn agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Sa chomhthéacs sin, tuigfidh an Teachta go ndéanfar an soláthar airgid don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ón Státchiste don bhliain 2018 a mheas i gcomhthéacs an phróisis sin níos déanaí i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.