Dáil debates

Wednesday, 27 September 2017

Priority Questions

An Clár Rialtais

2:45 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom fáilte go dtí an Teach a chur roimh an Aire Stáit. Ar ndóigh, tá ceisteanna móra tromchúiseacha le réiteach anois againn agus muid ag teannadh ar an gcáinaisnéis. Tháinig laghdú beagnach €4 milliún ar an méid airgid a bhí ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin idir 2016 agus 2017 in ainneoin geallúintí a tugadh d'Fhianna Fáil agus geallúintí a tugadh i gclár an Rialtais go mbeadh meadú ar an infheistíocht. Tá iarratas déanta ar €5 milliún breise don earnáil sin don bhliain seo chugainn. An mbeidh an Aire in ann é sin a chur ar fáil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.