Dáil debates

Wednesday, 27 September 2017

Priority Questions

An Clár Rialtais

2:45 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Maidir leis an ngeallúint ar dtús, rinneadh comhoibriú ar an bplean idir Fhianna Fáil agus Fhine Gael. Ag an am sin, nuair a bhí an cómhrá ag dul ar aghaidh, rinneadh gealltanais maidir le méadú a dhéanamh ar an infheistíocht ag dul isteach in Údarás na Gaeltachta, mar shampla. Mar atá a fhios ag an Teachta, thar na blianta bhí go leor airgid ar fáil faoi choinne Údaras na Gaeltachta ó thaobh caipitil, suas le €26 milliún ag an am nuair a bhí an Teachta Ó Cuív freagrach as an Roinn. Ach tá an saol difriúil anois. Níl an airgead sin ar fáil. Nuair atáim ag caint le mo chomhghleacaithe ar an dá taobh den Teach tá siad i gcónaí ag rá go bhfuil infheistíocht de dhíth faoi choinne na coláistí samhraidh nó caipiteal d'Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil airgead breise faoi choinne pleanála teanga, cúntóirí teanga agus araile de dhíth freisin. Tá sé mar a chéile in achan Roinn, ach níl an buiséad déanta faoi láthair. Bhí comhrá agam le Paschal Donohoe agus beidh comhrá agam leis roimh an bhuiséad. Ní bheidh aon rud déanta maidir leis sin.

Cím na féidearthachtaí, áfach, maidir leis an airgead breise fá choinne fostaíocht a chruthú agus an teanga a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.