Dáil debates

Tuesday, 2 May 2017

Other Questions

Acht na Gaeltachta

6:50 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá ceist tapaidh agam mar gheall ar an maoiniú a bheadh á chur ar fáil chun na pleananna teanga seo a chur i bhfeidhm. Beidh an-chuid obair á dhéanamh ag na coistí pobail éagsúla go léir. Beidh siad ag tabhairt le chéile spiorad deonach agus spiorad pobail láidir. Mura mbeidh an maoiniú ar fáil chun na pleananna seo a chur i gcrích, buille trom a bheadh ann do na pobail sin. Tá sé tábhachtach go mbeidh an t-airgead ann. Mar sin, an bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil maoiniú á chur ar leataobh chun na pleananna teanga seo a chur i bhfeidhm, go háirithe níos diaine sa chóras? Nuair a cuireadh an t-airgead ar fáil i dtosach chun na pleananna a chur le chéile, bhí thar ar €40,000 i gcóir na céad pleananna. Do na pleananna is déanaí, ní raibh ach thart ar €10,000. Bhí laghdú mór ann. Ní theastaíonn uaim a leithéid a fheiceáil do na pleananna teanga atá fós le teacht nuair a bheidh an maoiniú á chur ar fáil chun iad a chur i bhfeidhm. Mar sin, an bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil maoiniú ar fáil chun na pleananna a chur i bhfeidhm?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.