Dáil debates
Tuesday, 2 May 2017
Other Questions
Acht na Gaeltachta
6:50 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht an soiléiriú, ach cén fáth go bhfuil moill i gceist le na pleananna teanga? Táimid ag caint faoi Acht 2012. Tá sé anois 2017. Glacaim go n-aontaíonn an tAire Stáit gurb é croílár na straitéise na pleananna teanga a chur chun cinn. Cén fáth go bhfuil moill ann agus cén fáth nach bhfuil plean ann do Bhearna, Cnoc na Cathrach agus áiteanna eile i nGaillimh fós? An féidir leis an Aire Stáit míniú a thabhairt dom maidir leis an moill sin? Mar is eol don Aire Stáit, ceapann daoine nach bhfuil sa Straitéis 20 Bliain ach toirt gan tairbhe de bharr easpa dul chun cinn, easpa acmhainní agus easpa fóirne. Ar lámh amháin, glacaim go bhfuil dul chun cinn déanta, ach mo cheist go díreach ná cén fáth an bhfuil agus an raibh moill i gceist le na pleananna teanga tábhachtacha seo?
No comments