Dáil debates
Tuesday, 2 May 2017
Other Questions
Acht na Gaeltachta
6:50 pm
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Níl aon cheann faighte agamsa fós. Tá ceann nó dhó faighte ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair. Tá siad ag déanamh athbhreithniú ar na pleananna sin. Ansin, tá dhá phlean ann do Chois Fharraige agus do Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir. Táimid ag súil go mbeidh ceann os comhair an údaráis i mí an Mheithimh do Chloch Chionnaola, Gort an Choirce, an Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh. I mí Lúnasa, táimid ag súil go mbeidh trí cinn foilsithe agus réidh le dul os comhair an údaráis. Is iad sin Ciarraí thiar, Ciarraí theas agus na Déise. I mí Mheán Fómhair, táimid ag súil go mbeidh pleananna do Árann Mór, Dún na nGall theas, an Ceathrú Rua agus Múscraí réidh le ceadú. I mí Dheireadh Fómhair, táimid ag súil le pleananna do Chonamara láir, Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh.
No comments