Dáil debates
Tuesday, 2 May 2017
Other Questions
Acht na Gaeltachta
6:50 pm
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Mar a dúirt mé, bhí €735,000 ceadaithe do Údarás na Gaeltachta i mbliana. Tá €552,942 ceadaithe agam ina leith le caitheamh in 2017. Mar shampla, tá €42,000 ann do Mhúscraí, suas go dtí €50,000 do phlean Dhún na nGall theas agus €73,000 do phlean Chois Fharraige chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm.
Beidh airgead ar fáil sna blianta amach romhainn freisin. Maidir le ceist an Teachta Connolly faoin mhoill a bhí ann, bhí moill leis na trí phlean i gcathair na Gaillimhe mar nach raibh eagraíocht áitiúil ar fáil. Ní raibh eagraíocht amháin i gCnoc na Cathrach, Bearna nó an tEachréidh nó do iarthar chathair na Gaillimhe. Bhí próiseas ar bun chun eagraíocht a bhunú agus is é sin an fáth go raibh na cruinnithe poiblí i gcathair na Gaillimhe an tseachtain seo caite. Bhí próiseas ar bun i gcuile cheantar eile. D'iarr an chuid is mó de na heagraíochtaí ormsa breis ama a thabhairt. Níl na figiúirí agam, agus sílim gur cheadaigh mé breis ama do chuille eagraíocht. Aon dream a bhí ag iarraidh breis ama, cheadaigh mé dó é. Sílim gur cheadaigh mé é do chuile eagraíocht. Bhí siad ag iarraidh breis ama chun an obair agus an réamh-obair a dhéanamh. Is é sin an fáth go raibh moill ann.
No comments