Dáil debates

Tuesday, 2 May 2017

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

Meath na Gaeltachta

6:20 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta go bhfuil na rudaí seo dúshlánach ó thaobh an teanga agus ó thaobh an daonra. Ag an am céanna, tá a fhios ag an Teachta go raibh eacnamaíocht na tíre i ndrochstaid le blianta beaga anuas. D'imigh 127,000 duine ar imirce thar lear idir 2009 agus 2014. Sílim go raibh Gaeilge líofa ag cuid de na daoine sin agus caithfidh gur tháinig cuid acu as na ceantair Gaeltachta. Is dóigh liom go bhfuil sé seo mar cheann de na príomhchúiseanna go bhfuil laghdú tagtha líon na gcainteoirí i mbliana. Má bhreathnaíonn an Teachta ar na figiúirí, beidh sé soiléir dó gur tháinig laghdú ar an daonra idir 25 agus 35 bliana d'aois ós rud é go ndeachaigh an oiread sin dóibh thar lear. Tuigeann an tAire sinsearach an tábhacht a bhaineann leis an straitéis 20 bliain. Ní aontaím leis an Teachta Tóibín go bhfuil an straitéis "ina phraiseach". Tá an-dul chun cinn déanta againn. Tá sé sin curtha ar an taifead agam sa Seanad. Rinne coiste Oireachtais na Gaeilge plé ar an ábhar seo cúpla nóimead ó shin. Cuirfidh mé an méid atá á rá agam anseo ar thaifead an choiste sin freisin. Tá a lán rudaí bainte amach. Tá ardú tagtha ar an méid infheistíochta atá ar fáil i mbliana d'Údarás na Gaeltachta, ó thaobh an mbuiséid reatha agus caipitil, chun postanna a chruthú agus cabhair a thabhairt do na comharchumainn atá ag freastal ar an nGaeltacht agus ar na hoileáin. Tá an Rialtas seo ag déanamh chuile rud is féidir chun líon na gcainteoirí Gaeilge a ardú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.