Dáil debates

Tuesday, 2 May 2017

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

Meath na Gaeltachta

6:20 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Go stairiúil - go dtí gur tháinig Fine Gael i bhfeidhm in 2011 - bhí dul chun cinn tagtha ar na figiúrí a bhain le daoine le Gaeilge sa tír seo. Ba é seo an chéad daonáireamh ó bunaíodh an Stáit inar tháinig titim ar an méid daoine le Gaeilge sa tír seo. Nílimid ag caint ar airgead amháin. Tá an ceart ag an Aire Stáit nuair a deireann sé gur tháinig titim uafásach ar an méid airgid a bhí le fáil ag an Rialtas. Bhain an Rialtas i bhfad níos mó airgid amach as an earnáil seo ná aon earnáil eile sa tír. Is easpa toil pholaitiúil atá i gceist. Tá sé náireach a rá go bhfuil neamhaird iomlán déanta ag eagraíochtaí atá faoi chúram na Roinne Ealaíon Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, ar nós Amharclann na Mainistreach, Ardmhúsaem na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, an Comhairle Oidhreachta agus an Ceoláras Náisiúnta, ar iarratais scéimeanna teanga a ullmhú i rith na bliana atá imithe thart. Tá níos mó ná deich mbliana imithe ón uair a tháinig an córas sin isteach. Tá na heagraíochtaí faoi chúram na Roinne ag déanamh neamhaird iomlán ar an dualgas seo. Níor sheas aon ombudsman sa tír seo siar riamh ach amháin san earnáil seo, nuair a sheas an t-iarChoimisinéir Teanga siar. Tá sé dochreidte nach bhfuil an Aire sinsearach ag éisteacht leis an díospóireacht seo. Ní thuigeann sí an méid atá le rá againn, ach fós níl sí ag úsáid na cluasáin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.