Dáil debates

Tuesday, 2 May 2017

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

Meath na Gaeltachta

6:20 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an Rialtas seo i bhfeidhm le haghaidh sé bliana anois. Is mór an trua é. Cé go dtagann an tAire Stáit ón nGaeltacht, tá an titim tubaisteach seo ag tarlú faoina réim. Chonaiceamar sa daonáireamh go bhfuil titim de 11% tagtha ar an méid Gaeilge atá á labhairt sa Ghaeltacht go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Dar leis na saineolaithe, nuair a thiteann an méid daoine a labhraíonn an Ghaeilge i gceantar áirithe faoi 67%, titeann an tóin as an teanga go hiomlán sa cheantar sin agus bíonn sé deacair an treocht a iompú. Is léir ó na figiúirí nach bhfuil an méid sin Ghaeilge á labhairt ach i 21 as 155 ceantar Gaeltachta. De réir tuairisc a d'fhoilsíodh in 2015, tá meath na Gaeilge sa Ghaeltacht ag éirí níos tapúla ag an bomaite. Is léir go bhfuil an straitéis 20 bliain ina phraiseach iomlán, i ndáiríre. Tá mé ag impí ar an Aire Stáit labhairt leis an Aire sinsearach, an Teachta Humphreys, le cur in iúl di cé chomh tábhachtach is atá an cheist seo. Iarraim ar an Aire Stáit Acht na dTeangacha Oifigiúla nua a threisiú agus i bhfad níos mó airgid a chur ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.