Dáil debates

Tuesday, 2 May 2017

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

Meath na Gaeltachta

6:20 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Le foilsiú thorthaí daonáireamh 2016 mar a bhaineann siad leis an nGaeilge, léirítear go leanann na dúshláin atá roimh an nGaeilge mar theanga. I bhfianaise na dtorthaí seo, is gá ár gcuid iarrachtaí a threisiú tuilleadh mar fhorais Stáit, mar eagraíochtaí Gaeilge agus mar phobal i gcoitinne chun na dúshláin sin a cheansú. Is ea is mó seans go mbeidh toradh bisiúil ar ár gcuid iarrachtaí ar fad má ghlacann gach páirtí leasmhar go fonnmhar leis an deis chun a gcion a dhéanamh ar son na Gaeilge mar chuid d'fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, a bhfuil an próiseas pleanála teanga agus an polasaí don Oideachas Gaeltachta mar chuid lárnach de.

Tá an próiseas pleanála teanga mar chuid lárnach d’fheidhmiú na straitéise 20 bliain agus is ar ullmhúchán pleananna atá an próiseas pleanála teanga dírithe ó cuireadh tús leis trí bliana ó shin. Agus tús á chur le feidhmiú pleananna teanga i suas le 13 limistéar Gaeltachta faoi leith i mbliana, tógfar céim mhór chun tosaigh le feidhmiú an phróisis agus, dá réir, le feidhmiú na straitéise. Fágfaidh sé seo go mbeidh pobal na Gaeltachta ag glacadh páirte níos mó ná riamh chun na dúshláin atá roimh an nGaeilge ar bhonn áitiúil a cheansú. Ós rud é go mbeidh feidhmiú pleananna teanga ar bun feasta, bheifí ag súil leis go mbeidh tionchar dearfach aige seo ar fad ar staid reatha na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Is fiú a lua chomh maith go bhfuil ardú ar an gcistíocht atá ar fáil do na gnáthchláir reatha ar thaobh na Gaeltachta, a bhfuil dlúthbhaint acu chomh maith le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain agus le cás na Gaeilge dá réir. Leis an allúntas méadaithe seo, tá mé cinnte go mbeifear in ann tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht. Is céim suntasach é go bhfuil an polasaí don oideachas Gaeltachta á chur i bhfeidhm ar an talamh anois. Is é seo an chéad phlean a d'eisigh an Stát ó bunaíodh é a thugann aghaidh go sonrach ar na dúshlán atá roimh an chóras oideachais sa Ghaeltacht. Beidh mo Roinn ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun ár gcion a dhéanamh sa chaoi is go mbeidh rath leis an bpolasaí seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.