Dáil debates
Tuesday, 7 March 2017
Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions
Seirbhísí trí Ghaeilge
4:55 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
An rud atá mé ag rá ná go bhfuilimid ag teacht chuig dheireadh na deise chun an straitéis a chur i bhfeidhm. Táimid ag teacht chuig deireadh na deise chun na cuspóirí atá istigh sa straitéis a bhaint amach. Is léir nach bhfuilimid ag teacht chuig na figiúirí mar gheall ar seirbhísí, achmhainní nó cainteoirí laethúla taobh amuigh den Státchóras.
Bhí an tAire Stáit ag caint faoin gCoimisinéir Teanga. Sheas an iar-Choimisinéir Teanga siar. An fáth a sheas sé siar ná go raibh sé iomlán den tuairim nach raibh sé in ann a chuid poist a chomhlíonadh agus nach raibh an Stát sásta seasamh taobh thiar na focail a bhí á rá aige. Dar leis an gCoimisinéir Teanga atá ann anois, tá teip iomlán déanta ag an Rialtas maidir leis na cúraimí atá aige.
An t-eolas atá ag teacht chugainn ná nach mbeimid in ann cuspóirí na straitéise 20 bliain a bhaint amach muna bhfuil athrú iomlán i meon an Rialtais. Nílim lán cinnte. Ceapaim go bhfuil dearcadh dearfach ag an Aire Stáit mar gheall ar na rudaí ach níl an bheirt Airí in aice leis fiú ag éisteacht leis an gceist. Ní thuigeann siad cad atá i mbun na ceisteanna seo. Níl an cumhacht nó an toil chuí ag an Rialtas dul i ngleic leis na fadhbanna atá i gceist.
No comments