Dáil debates
Tuesday, 7 March 2017
Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions
Seirbhísí trí Ghaeilge
5:05 pm
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Aontaím leis an Teachta go dteastaíonn níos mó a dhéanamh agus feabhas a chur ar seirbhísí trí mheán na Gaeilge ón seirbhís phoiblí. Ó thaobh cad atáimid ag déanamh, tá sé socruithe ag an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe go ndéanfaidh Ranna agus oifigí Rialtais sainaithint ar phoist agus ar réimsí oibre inar dteastaíonn oifigí le Gaeilge. De réir an pholasaí nua, tá beartas á chur i bhfeidhm leis an méad daoine atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh go dátheangach a mhéadú. Tá sé seo á dhéanamh chun go mbeidh cur chuige ann a bheidh dírithe ar iomaíocht i gcomhthéacs chomórtas earcaíochta agus ardaithe céime don Stáitseirbhís. Mar chuid den phróiséas nua seo, tá fo-phainéil d'íarrtheoirí cáilithe dátheangacha le bunú mar thoradh ar an gcomórtas atá ar siúl faoi láthair ag an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí, PAS, d'oifigigh chléireachais, oifigigh fheidhmiúcháin agus oifigigh riaracháin. Cuireann na ceapacháin a dhéanfar ó na fo-phainéil seo go mór le cumas na Ranna éagsúla seirbhísí níos fearr a chur ar fáil trí Ghaeilge.
Toisc go bhfuilim in amhras maidir le feidhmiú an chóras seo, tá sé iarraithe agam ar mo oifigigh comhrá oscailte a thógáil le comhghleacaithe i Ranna eile féachaint an féidir an córais a fheabsú. Tá siad i mbun an obair sin faoi láthair agus tá siad ag déanamh dul chun cinn maith.
No comments