Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

Seirbhísí trí Ghaeilge

4:55 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is mór an trua nach bhfuair an Teachta seirbhís ón gCoimisinéir Ioncaim ar maidin nó i rith na seachtaine. Chuala mé ó dhaoine eile a bhí ag freastal ar an gCoimisinéir Ioncaim go raibh siad in ann seirbhís a fháil trí Ghaeilge. Níl fhios agam cén fáth nach raibh an Teachta in ann ar an ócáid seo. Tá dualgas ar an gCoimisinéir Teanga agus a fheidhmeannaigh monatóireacht a dhéanamh ar na scéimeanna. An bhfuil siad ag oibriú? An bhfuil daoine in ann seirbhísí a fháil trí mheán na Gaeilge ó chuile seirbhís Stáit?

Ó thaobh an méid atáimid ag déanamh faoi láthair, níl sé fíor go bhfuilimid ag teacht chuig deireadh na straitéise. Nílimid ach sa séú bhliain de 20. Níl sé fíor go bhfuilimid ag teacht go deireadh na straitéise. Ag cruinniú i 2013 chuir an Rialtas tús le cur chuige nua chun cumas agus úsáid na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú. Tháinig na socruithe nua in áit an chórais a bhí ann go dtí sin maidir le marcanna bónais i gcomórtais earcaíochta agus arduithe céime as a bheith inniúil sa Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.