Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

Seirbhísí trí Ghaeilge

4:55 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ceapaim go bhfuilimid ag dul in olcas i ndairíre mar fiú go bhfuil scéim teanga daingnithe ag an Aire agus ag an Rialtas, conas a bhfuil fhios aige go bhfuil siad ag oibriú? Conas a bhfuil fhios aige go bhfuil na heagraíochtaí ag comhlíonadh a gcuid dualgas mar gheall ar na scéimeanna sin? An bhfuil Revenue faoin scéim? Ní raibh mise in ann aon seirbhís a fháil as Gaeilge inniu ó Revenue. Is féidir gach scéim a chur i bhfeidhm ach muna bhfuil an Rialtas sásta daoine a earcú le Gaeilge fheidhmeach ní oibreoidh na seirbhísí amach sa todhchaí. Sin leath den fhabhb.

Táimid beagnach ag teacht chuig deireadh na Straitéise 20-Bliain. Chuir mise Ceist Parlaiminte i ndiadh Ceist Parlaiminte isteach ag lorg an dáta foilseacháin agus ní dhearna an Rialtas dada ach an cheist a chur ar an méar fháda. Is léir dúinne uile an chúis a bhí leis an ndrogall a bhí air an cháipéis a fhoilsiú. Léiríonn sí teip mhór an Rialtais i leith an Gaeilge. Taispeántar dúinne i measc iliomad laigí eile go bhfuil easpa seirbhísí poiblí ar fáil as Gaeilge. Cad a dhéanfaidh an tAire Stáit chun dul i ngleic leis an laghad sheirbhísí poiblí seo? Cathain a dtosnóidh an próiseas chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.