Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

Seirbhísí trí Ghaeilge

4:55 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is é príomhaidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus is tríd na scéimeanna teanga faoi alt 11 den Acht go príomha a chuireann comhlachtaí poiblí seirbhísí ar fáil don phobal.

Tá próiseas leanúnach ar bun ag oifigigh mo Roinne chun scéimeanna teanga a dhaingniú le go leor comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ón eolas is déanaí atá ar fáil do mo Roinn, tá 214 scéim teanga san iomlán daingnithe le comhlachtaí poiblí éagsúla, ón uair gur tháinig an tAcht i bhfeidhm, ar a n-áirítear céad, dara agus tríú scéimeanna. Ag tógáil san áireamh athruithe atá tagtha chun cinn mar thoradh ar scor nó ar athstruchtúrú comhlachtaí poiblí éagsúla le tamall anuas, tá 121 comhlacht poiblí san iomlán clúdaithe faoi na scéimeanna teanga i láthair na huaire. Ina theannta sin, tá plé gníomhach ar siúl le tuairim is 120 comhlacht poiblí faoi láthair chun scéimeanna teanga a aontú leo. Tá scéim daingnithe le gach Roinn Stáit agus le gach comhairle contae, seachas ceann amháin. Is féidir a rá go bhfuil scéim daingnithe le mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn plé rialta ag an phobal leo.

Ar ndóigh, ní miste a mheabhrú gur cúram d'Oifig an Choimisinéara Teanga féachaint chuige go bhfuil na gealltanais atá tugtha ag comhlachtaí poiblí i scéimeanna teanga á gcomhlíonadh acu.

Ní miste a nótáil go bhfanann scéim teanga i bhfeidhm, faoi réir alt 14(3) den Acht Teanga, ar feadh trí bliana ón dáta a dhaingnítear í, nó go dtí go ndaingnítear scéim nua, cibé acu is moille. Tá sé aitheanta go bhfuil an próiseas chun scéimeanna teanga a aontú dúshlánach, go háirithe sa chomhthéacs reatha ina bhfuil brú mór ar acmhainní. Tá céimeanna éagsúla á mbeartú chun an próiseas aontaithe scéimeanna a éascú, go háirithe i gcomhthéacs na leasuithe reachtúla atá beartaithe ar an Acht Teanga.

Ón uair gur tháinig córas na scéimeanna i bhfeidhm faoin Acht Teanga, tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil feabhas tagtha ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí Stáit a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil i nGaeilge. Aithníodh ón tús gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le feidhmiú an Achta, ag tógáil céimeanna de réir a chéile le comhoibriú agus le dea-thoil na bpáirtithe leasmhara éagsúla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.