Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

Seirbhísí trí Ghaeilge

4:55 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

An teachtaireacht atá ag teacht ón Rialtas ná foghlaim an Ghaeilge, labhair an Ghaeilge ach ná labhair linne mar Stát í. Ar maidin chuaigh mé i dteagmháil leis an Revenue. Bhí píosa obair le dhéanamh agam. Roghnaigh mé an líne as Gaeilge. Tar éis ceithre nóiméad tháinig duine ar ais chugam agus dúirt siad "Oh sure I have no Irish at all". Cúpla bliain ó shin chuaigh mé i dteagmháil le heagraíocht Stáit ag iarraidh léarscáil Gaeilge a fháil agus dúirt an fear liom: "Do you think we can make maps for every hobby in the country?" Léiríonn sé sin meon an Stáit mar gheall ar seirbhís na Gaeilge. Cathain a bheidh an Rialtas sásta seirbhísí na Gaeilge a chur ar fáil le haghaidh daoine sa Ghaeltacht agus Gaeilgeoirí thart timpeall na tíre?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.