Dáil debates
Tuesday, 7 March 2017
Ceisteanna - Questions
Departmental Staff Data
4:05 pm
Micheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source
Is cuimhin liom go maith nuair a thosaigh an Taoiseach amach ina phost in 2011 go raibh sé ag gearráin maidir leis an méid státseirbhísigh a bhí i Roinn an Taoisigh, go háirithe roimh a era féin. Tá fhios agam nach raibh mórán ann sa ghearrán sin ach cleasaíocht polaitíochta, mar is eol dó. Ní Roinn ollmhór atá sa Roinn. Dúirt an Taoiseach go raibh 197 fostaí ann. Tháinig cuid státseirbhísigh ó Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála chuig Roinn an Taoisigh. D’fhill roinnt daoibh ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. I gcomhthéacs Brexit agus an t-idirbheartaíocht a bheidh ann, i mo thuairim tá géarghá ann níos mó státseirbhísigh a mhealladh chuig Roinn an Taoisigh, go háirithe daoine le scileanna speisialta. Tá fhios againn go mbeadh idirbheartaíocht tábhacht ó thaobh cúrsaí trádála de. Tá dainséar ann nach bhfuil an expertise agus daoine le saineolas speisialta a bhaineann leis an gceist sin ann faoi láthair.
Tá cinneadh déanta ag an Taoiseach go mbeidh a Roinn freagrach as idirbheartaíocht maidir le Brexit agus go mbeidh an Roinn sin an ceann is tábhachtaí ó thaobh Brexit. Níl aon Aire speisialta ann agus ní bheidh. Is é Brexit and dúshlán is mó atá ann don tír le fada an lá. Tá muid buartha nach bhfuil dóthain státseirbhísigh ann maidir le Brexit. Tá gá ann i bhfad níos mó a dhéanamh agus struchtúr níos láidre a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh muid réidh agus cumasach ó thaobh na hidirbheartaíochta.
No comments