Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

Ceisteanna - Questions

Departmental Staff Data

4:05 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

An bhfuil an Taoiseach sásta go bhfuil go leor ó thaobh foirne de le déileáil leis na ceisteanna móra agus go bhfuil an saineolas sa Roinn maidir le Brexit, na gnéithe difriúla a bhaineann leis agus na hathraithe difriúla a bheidh i gceist? Mar shampla, beidh torthaí as cuimse maidir le poist agus slite beatha do saoránaigh ar an dá thaobh den Teorainn. Tá mé ag tagairt, mar shampla, do na mílte fheirmeoir beaga a mbíonn ag taisteal timpeall na Teorann, iad siúd atá gafa i dtionscal maidir le bainne ina measc. Téann 600,000 lítear bainne trasna na Teorann gach bliain. Déantar táirgeadh air sa Stát seo chun púdar bainne a dhéanamh roimh é a easpórtáil. Caithfidh an Taoiseach smaoineamh a dhéanamh ar na rialacha agus na táillí a bheadh i gceist air sin de réir chóras an WTO – 45% a mbeadh i gceist. Beidh teip iomlán ar an tionscal bainne ach go háirithe más rud é go ngearrfaí an táille sin air.

An bhfuil na saineolaithe ag an Taoiseach chun déileáil leis na féidearthachtaí ar fad de thairbhe Brexit? An bhfuil sé ag déileáil leis sin?

Deir an Taoiseach nach mbeidh Teorainn chrua ann. Cad faoin scéal atá sna meáin le déanaí go bhfuil lucht custam ag taisteal timpeall na Teorann ag lorg suímh nua chun botháin custam a thógaint? An bhfuil an scéal sin fíor nó an bhfuil sé ag tarlúint?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.