Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

2:25 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam don Taoiseach. An fhoilseoidh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige an dara tuairisc idir-thréimhseach an choimisiúin atá faoi bhráid an Aire ó mhí Mheán Fómhair ann? Ba chóir go mbeadh an tuarisc sin foilsithe inniu. Sin an chéad rud.

An dara cheist a chuir mé ar an Taoiseach ná an bhfuil na hacmhainní cuí ag na húdaráis, An Garda Síochána ina measc, fiosrúchán cuí a chinntiú? Tá dualgas ar an Stát cinntiú go bhfuil na hacmhainní acu. Tuigimid go bhfuil siad neamhspleách ón Stát agus go bhfuil jab le dhéanamh acu ach tá dualgas orainn fáil amach an bhfuil na hacmhainní acu.

Bhain an triú cheist nár fhreagair an Taoiseach leis na téarmaí tagartha. Labhrann sé faoin fhírinne agus dúirt sé gur caithfimid teacht go dtí deireadh an scéil seo chun an fhírinne a fháil amach, ach faoi mar atá sé, tá na téarmaí tagartha leagtha síos agus fúthu ní bheidh imscrúdú a dhéanamh ar suas le 160 arásáin institiúid ar fud an Stáit. Tá 180 institiúid ann, ach níl ach ach ceithre cinn leagtha síos i dtéarmaí tagartha na scrúdaithe. Tá gá ann, mar a dúirt mé ag an am, iad a leathnú.

Tá rud amháin deireanach le rá agam leis an Taoiseach. D'éist mé leis an méid a dúirt sé ní ba luaithe. Dúirt sé nar bhris na mná rialta isteach inár dtithe agus nár ghlac siad ár linbh agus gur thugamar suas iad. Tuigim, b'fhéidir, nach sin a bhí i gceist ach chuir an Stát cuid de na mná sin go dtí na hinstitiúid seo. Ní dheachaigh siad isteach dá dtoil féin. Chuir an Stát isteach iad.

Mar a tá fhios againn ó thaobh an tí i dTuaim, bhí ról lárnach ag an Stáit. Cheadaigh an Roinn Sláinte an institiúid seo mar áras máithreacha agus naíonán sna 1950í agus roimhe sin. Fágfaidh mé leis seo: chuala mé an méid a dúirt an Taoiseach agus an samhnas maidir leis an méid a thit amach do na páistí agus na linbh ansin. Ach an dtabharfaidh sé leithscéal ar son an Stáit do máithreacha agus teaghlaigh na bpáistí atá curtha sa chóras séarachas ansin? Tá dualgas ar an Taoiseach níos mó ná samhnas a léiriú: tá dualgas air leithscéal a ghabháil mar gheall ar an ról a bhí ag an Stát sa phróiseas scannalach seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.