Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

2:30 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Ní leithscéal atá i gceist anseo ar chur ar bith. Luaigh an Teachta an dara thuairisc agus go léireodh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige an cheist sin. Is cóir go mbeadh na hacmhainní ag an nGarda agus ag na húdaráis eile. Caithfimid fanacht go mbeidh breithiúnas déanta ag an gcróinéir agus ag an Garda ar na ceisteanna sin. Ní hé seo an t-aon áit amháin ina bhfuil siad ag cuartú agus ag déanamh fiosrúchán maidir le leanaí nó gasúir óga a bheith curtha in uaigheanna thar fud na tíre.

Tá fhios agam go bhfuil na téarmaí tagartha leagtha amach. Tá i bhfad níos mó ná an ceithre cinn seo ar fud na tíre. Mar a dúirt an Teachta, tá 160 i gceist. Nílim chun cur isteach ar obair an choimisiúin anseo. Is fíor go bhfuil áiteanna eile agus go dtabharfar iad isteach san áireamh anseo.

Cinnte tá ról ag an Stáit anseo. Cuireadh isteach sna hinstitiúidí agus sna Tithe seo iad. In éindí leis sin, cuireadh neart de na mná óga seo, na máithreacha óga seo, thall go Sasana, díbríodh amach as na paróistí iad - rud scannalach ar fad – mar bhí siad ag breith linbh. Díbríodh na mílte le blianta go dtí Meiriceá, go Sasana agus go hAlbain. Bhí sé scannalach ar fad an tslí a bhí daoine ag maireachtáil an t-am sin agus na difríochtaí sóisialta a bhí idir iad siúd a bhí acmhainní acu agus iad gan acmhainní.

Go macánta, ní mhiste liom cur isteach ar obair an choimisiúin. Tá an cuartú déanta. Tá ról ag an gcróinéir agus ag an Garda agus go deimhin ar an údarás áitiúil. Ba mhaith liom go ndéanfaidh siad cinneadh faoi cad is cóir dóibh siúd a dhéanamh. Tabharfaidh muid freagra ón Rialtas ansin. Ní mhiste dom cur isteach ar rud atá neamhspleách agus ról acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.