Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

2:15 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Is é an chéad rud atá le rá ná gur cheart go mbeadh cuimhneachán ceart do na leanaí agus na gasúir óga a fuair bás san áit seo i dTuaim i gContae na Gaillimhe. Tá dualgas neamhspleách ag an gcróinéir agus ag an nGarda faoi céard atá is ceart agus is cóir a dhéanamh as seo amach. Tá sé sin á phlé faoi láthair. Ba cheart go mbeadh dlúthcheangail ann le daoine na háite, san áireamh iad siúd atá ina gcónaí ansin agus iad san a bhfuil gaolta acu a bhí san uaigh seo, ó thaobh cibé cinneadh is féidir a dhéanamh chun an rud is fearr a dhéanamh.

Níl an coimisiún críochnaithe lena chuid oibre. Níl déanta acu ach an uaigh seo, an suíomh seo, a oscailt agus a rá go bhfuil neart agus go leor corp de leanaí agus gasúir inti.

Ag teacht as sin bhí cruinniú ag an chomhairle contae an lá cheana, 3 Márta. Iad siúd atá ina gcónaí cóngarach don uaigh seo, bhí ceangailt pearsanta le chuile duine acu. Bhí fógra curtha isteach go chuile teach go raibh cruinniú speisialta ar siúl. Bhí cuid de na daoine atá ina gcónaí ansin i láthair ag cruinniú sa halla i dTuaim. Bhí cathaoirleach an chomhairle chontae, na baill tofa den chomhairle, duine éigin ón Oireachtas agus iad siúd atá ag obair le chomairle chontae na Gaillimh ann. Is éard a bhí le phlé acu ná céard is ceart a dhéanamh as seo amach agus cén stádas atá ag an uaigh seo. Is dóigh liom gur cuireadh beannachtaí ar an uaigh seo go minic sna blianta fada roimhe. Céard is cóir a dhéanamh leis an struchtúr agus le nadúr an suíomh seo? Céard is cóir a dhéanamh leis as seo amach? Céard is ceart a dhéanamh dóibh siúd a bhí inti? An gá, mar a dúirt an Teachta, go mbeadh socraidh fhoirmeálta acu in áit éigin oiriúnach?

Céard é ról an choimisiúin as seo amach? Níl a chuid oibre críochnaithe. Níl déanta acu ach cuairt a thabhairt ar an suíomh. Céard é ról an chróinéara, An Garda Síochána agus fiú an chomhairle contae féin? Céard is cóir a dhéanamh leo siúd atá ina gcónaí go díreach cóngarach don uaigh seo? Céard atá i gceist ó thaobh an chuid ama a chaithfidh na húdaráis ag déileáil le seo? Mar a dúirt mé, níor mhaith liom cur isteach ar obair an choimisiúin. Níl sé críochnaithe. Tá dualgas agus neamhspleáchas ag an chróinéir agus ag na gardaí. Is ceart go mbeadh dlúthcheangailt idir iad, na daoine atá ina gcónaí ansin agus iad siúd a bhfuil gaolta leis na gasúir agus leanaí a fuair bás anseo. Ba mhaith liom go mbeadh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige i dlúthcheangailt leo an t-am ar fad agus go mbeadh a fhios ag gach duine sa Teach seo céard atá ag tarlú chuile lá, más gá é sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.