Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

2:15 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Maidin Dé hAoine thug an coimisiún fiosrúcháin ar na háras máithreacha agus naíonán sonraí maidir leis an tochailt a rinneadh níos luaithe i mbliana trínar tháinig ar méid substaintiúil de thaisí daonna ag sean-suíomh an tí máthar agus linbh i dTuaim, Contae na Gaillimhe. Coirp leanaí agus páistí ar aois suas go trí bliana a bhí ann sna taisí seo. Cuireadh ansin iad gan chúram, gan aitheantas agus gan suaitheantas. Go bunúsach, cuireadh iad i dabhach shéarachaís gan meas a thabhairt ar a ndínit daonna nó ar a suaitheantas. Tá a fhios againn uilig gur cúis náire é don náisiún seo.

Ó fuarthas na coirp seo, deimhníonn sé na heaglaí is measa a bhí ar na daoine a tháinig slán as na tithe seo agus ar na daoine atá i mbun feachtasaíochta ar a son le fada. Ba chóir adhlacadh ceart measúil a thabairt do gach corp daonna a fuarthas ansin, más é sin atá á lorg ag na teaghlaigh. Ba chóir dul sa tóir ar na daoine atá freagrach as seo agus iad a thabhairt os comhair na cúirte as na gníomhartha gránna seo a dhéanamh.

Is láthair coire atá sa suíomh i dTuaim anois. Mar sin, cad é atá a dhéanamh faoi seo anois? An bhfuil an láthair faoi chosaint ag An Garda Síochána? Go háirithe, an bhfuil báis na leanaí and na páistí óga seo á bhfiosrú ag an nGarda Síochána? An bhfuil na hachmhainní atá de dhíth an an nGarda ann chun an fiosrúchain sin a chur i bhfeidhm? Sin a bhfuil an pobal ag lorg agus ag súil leis agus caithfidh sé a tharlú gan mhoill.

Tá an pobal ag súil fosta go ndéanfaí téarmaí tagartha an choimisiúin fiosrúcháin a leasú dá réir. Nuair a cuireadh na téarmaí os comhair na Dála seo, dúirt muidne i Sinn Féin go raibh siad lochtach agus nach raibh siad fóirsteanach ach go hiomlán mí-fhóirsteanach. Is léir an méid seo uilig anois. Tagann na Náisiúin Aontaithe leis an seasamh seo agus iad ag rá nach mbaineann an fiosrúchán mar atá sé na caighdeáin idirnáisiúnta amach agus nach gcomhlíonann sé na caighdeáin sin atá leagtha síos.

Níl i dTuaim ach ceann amháin d’institiúidí as líonra dóibh a tháinig salach ar chearta ban agus a bpáistí sa Stát seo. Tá a fhios againn anois, nuair a chuirtear na tithe contae san áireamh agus forais eile, go raibh suas le 180 institiúid san iomlán ar fud an Stáit. Sna téarmaí tagartha mar atá siad faoi lathair, ní dhéanfar imscrúdú ach ar cheithre cinn de na tithe contae.

Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar téarmaí tagartha an choimisiúin a leathnú sa dóigh is go mbeidh achan institiúid - tithe máthar agus linbh, tithe contae agus institiúidí eile ina measc - clúdaithe. Seo an t-aon bhealach teacht ar an fhírinne fá na dóigheanna diabhlaí a cleachtaíodh i dTuama, a bhfuil muid anois níos eolaí fá dtaobh de. Caithfimid é a dhéanamh go luaithe agus caithfimid na téarmaí tagartha a leathnú sa dóigh is gur féidir coimisiún Uí Mhurchú fiosrúchán iomlán a chur i gcrích.

Impím ar an Taoiseach go gcuirfidh sé ina luí ar an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige go bhfoilseoidh sí an dara tuairisc idir-thréimhseach an choimisiúin. Tuigim go bhfuil an tuairisc sin ag an Aire ó bhí mí Mheán Fómhair ann. Ba chóir go mbeadh an tuairisc sin foilsithe inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.