Dáil debates
Tuesday, 7 March 2017
Order of Business
3:35 pm
Brendan Howlin (Wexford, Labour) | Oireachtas source
Tá sé soiléir go bhfuil níos mó cearta ag mná na hÉireann ná mar a bhí ag a máithreacha, a seanmhaithreacha agus a sinseanmháithreacha. Fós féin, níl an comhionannas idir fir agus mná beartaithe amach go hiomlán. Is iad na fir atá fós níos treise san ionad oibre. Léirítear i staitisticí ón gCoimisiún Eorpach, a fhoilsíodh anuraidh, go bhfuil an bearna pá idir fir agus mná ag leathnú. Amárach, beidh mná ar fud na tíre ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na mBan. An bhfuil aon phlean ag an Rialtas an fhadhb sin a réiteach? Is é sin an bearna pá atá fós ann agus ag leathnú idir fir agus mná. An bhfuil reachtaíocht ar bith geallta ag an Taoiseach chun an fhadhb sin a réiteach?
No comments