Dáil debates
Tuesday, 7 March 2017
Order of Business
3:35 pm
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source
Nach breá an Ghaeilge atá ag an Teachta. Tá sé ag déanamh go maith. Níl a fhios agam go díreach cén sórt reachtaíocht atá ar intinn an Aire, ach cuirfidh mé scéal chuig an Teachta Howlin. Is fíor an rud atá sé ag rá. Tá difríocht ann idir pá na bhfear agus pá na mban. Tá sé thar am go mbeadh an pá céanna don obair chéanna á fháil ag gach duine sa tír seo. Cuirfidh mé scéal chuig an Teachta.
No comments